Presented as part of Red Line Book Festival, 2024
Heartstopper as Gaeilge le Eoin McEvoy agus Jill Mc Mahon
Eoin McEvoy
Tá Eoin ar dhuine de Chomhstiúrthóirí AerachAiteachGaelach. Is file, drámadóir, aistritheoir agus ealaíontóir focal é Eoin Mc Evoy. Ba é Eoin a d’aistrigh an t-úrscéal grafach Heartstopper go Gaeilge (2024), aistriúchán a choimisiúnaigh Futa Fata. Bhí sé ina chomhscríbhneoir, comhléiritheoir agus aisteoir sa dráma Grindr, Saghdar agus Cher (2022-2024) in éineacht le Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh agus bhí sé ina chomhscríbhneoir agus comhléiritheoir ar an dráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021) in éineacht le Ciara Ní É.
Tá saothair dá chuid le léamh in Comhar, The Stinging Fly, Trumpet, Cyphers, Howl, Aneas, Feasta agus sa leabhar Green Carnations agus craoladh saothair leis ar Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus BBC Gaeilge. Roghnaíodh Eoin do scéim Poetry Ireland Introductions 2021. Bhí sé i measc na mbuaiteoirí i gcomórtas REIC 2020 agus ba é a bhain an chéad duais i gcomórtas filíochta Fhoras na Gaeilge 2020 agus i gcomórtas filíochta Chraobh Aimhirghin 2014, ceann de chomórtais liteartha an Oireachtais.
Oibríonn Eoin i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, mar a mbíonn sé ag múineadh ar chúrsaí san aistriúchán agus sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus ag plé leis an teicneolaíocht oideachais.
Ba é Eoin a chuir an chéad chraobh Ghearmánach de Chonradh na Gaeilge ar bun i mBeirlín (2011) agus tá sé ina chomhóstach ar an ngrúpa sóisialta LADTA+ an Queercal Comhrá le Brian Mac Muiris ón mbliain 2019 i leith.
Jill Mc Mahon (sí/í)
Is í Jill Timire Chúige Mumhan AerachAiteachGaelach. Is amhránaí í Jill leis an mbanna ceoil Bandia. Tá Bandia théis gigeanna a dhéanamh ag ócáidí ar nós Féile na Gealaí, Oireachtas na Gaeilge agus Electric Picnic.
Mar bhall den ghrúpa seo ní bhíonn deis ag Jill canadh amháin, ach aistriúchán a dhéanamh ar phopcheol go Gaeilge. I measc na n-amhráin atá aistrithe aici, is iad Dancing On My Own (Robyn) agus It’s Raining Men (The Weather Girls) na hamhráin is ansa léi. Anuas ar amhránaíocht, is aoibhinn le Jill bheith ag scríobh, ag péintéireacht agus ag cumadh filíochta ó am go chéile. Is as An Clár ó dhúchas í Jill. Tá sí ag cur fúithi in oirthear an chontae i láthair na huaire, áit ina a bhfuil sí páirteach le grúpa ceoldrámaíochta.
Presented by: Eoin McEvoy agus Jill Mc Mahon
Duration: 60 mins. No interval
Age Suitability: 3rd-6th Year, Secondary School.
Booking directly via Redline Festival
*Please note this show is in our studio space with unallocated seating. Please arrive early.